NotesWhat is notes.io?

Notes brand slogan

Notes - notes.io

Aontaím go huile is go hiomlán leis an ráiteas seo. Cinnte taispeáineann an dráma tragóideach seo fulaingt Mháire de bharr aineolais, míthrócaire agus fimíneacht an phobail san aimsir inar mhair sí. Níor thug na daoine “cráifeach” agus “creidiúnach” san phobail, a clann san áireamh, aon tacaíocht ná trócaire ar bith di agus de réir mar a fheicimse tá cuid mhaith den locht orthu don tragóid a tharla ag deireadh an dráma.

Léirítear fulaingt Mháire ó thuas go deireadh an dráma, ón uair gur buaileann sí le Pádraig Mac Cárthaigh ag rince sa teach scoile. Tuigeann sé go bhfuil Máire neamhurchóideach agus baineann sé leas as an eolas seo chun í a mhealladh lena chaint fileata, “d’éigean geal leathan”. Cuireann sé iachall ar Mháire gan faic a rá le héinne faoin gcaidreamh eatarthu agus rinne sé pósadh bréagach chun é féin a chosain, “is tú mo bhean feasta, is tú mo bhean chéile”. Dúirt sé go raibh Máire a bhean chéile ach nuair a thuig sé go raibh Máire ag iompar clainne thréigeann sé í. Bhí a fhios ag Pádraig nach nglacfaí leis an caidreamh eatarthu sa tsochaí agus cinnte gur thuig sé go mbeidh Máire imeallaithe ag an tsochaí de bharr an leanbh.

Duine eile a chuir le fulaingt Mháire ná Bean Uí Chathasaigh. Bean an-chráifeach í agus chuir máthair Mháire an-bhéim ar a bheith “creidiúnach”. Bíonn sí i gcónaí ag rá paidreacha agus ag dul ar Aifreann go rialta. Tá sé ioróineach ar fad go ndearna sí tagairt do Dhia an t-am ar fad mar níor léirigh sí puinn grá nó tacaíochta dá clann, go háirithe Máire. Ón nóiméad a fuair sí amach go raibh Máire torrach is spéisiúil gan dabht cé chomh “cráifeach” is a bhí sí. Tháirg sí deoch leighis dá hiníon ag iarraidh an ghin a mharú. Seachas grá agus tacaíocht a theaspáint do Mháire, dhíbir sí í ón teach agus mar bhuille scoir ghlaoigh sí “striapach” uirthi.
Nuair a thréig máthair Mháire í thuig sí go mbeidh a lán deacrachtaí aici agus go mbeidh sí imeallaithe ag gach duine eile sa sochaí, “An ród atá romhan caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m’aonair”.

Chomh maith leis sin chuir a deartháireacha lena fulaingt mar chúisigh Liam agus Seán cuid mhór trioblóide do Mháire. Ar dtús, pléifidh mé Liam, an dearthair is sine. Ag deireadh an dráma, chuir sé an milleán ar Mháire gur bhris Beití an cleamhas leis. Níor ghlacann sé aon freagracht fiú gur chuir a mháthair iachall air Máire a thabhairt go dtí an rince agus cúram a dhéanamh di. Dúirt sé, “Ní mise a coimeádaí”, agus d’fhág sé Máire ina haonar, agus dá bharr seo bhuail Máire le droch chomhluadar. Is é Seán an dearthair óg agus fiú go raibh sé chun dul chuig an sagartóireacht níor thaispeáin sé aon “ghrá Dé” ná “Carthanacht Chríostaí” dá dheirfiúr. Rinne sé feall do Mháire mar sceith sé uirthi nuair a thug sé faoi deara go mbíodh Máire ag cur amach ar maidin, agus dá bharr seo dhíbir a mháthair í ón teach. Is cinnte go raibh páirt mhór acu i bhfulaingt Mháire.


Is é Mailí an t-aon duine a thaispeáin cineáltas agus cabhair do Mháire i rith an dráma. Bhuail Máire le Mailí sa teach tearmainn. Mhínigh Mailí rialacha an altramacht do Mháire agus d’fhás cairdeas eatarthu. Bíonn codarsnacht mór le feiceáil idir Mailí a bhí imeallaithe ag an sochaí agus na carachtair eile sa dráma a thréigeann Mháire ag am an gháthair mar is é Mailí a fuair lóistín agus post do Mháire nuair a thit an teach anuas ar Mháire agus Pádraigín. Níor ghlac sí le féintrua Mháire ach thug sí cabhair agus cúnamh di. Cinnte is duine tuisceanach í mar thuig sí an grá a bhí ag Máire dá hiníon tar éis an tragóid, “Ní cheadódh sí an leanbh a dhul uaithi i ndorchacht na síoraíochta gan í féin a dhul in éineacht léi”. Is trí Mailí a feicimid an sochaí fhimíneach inar d’fhulaing Máire. Ní raibh aon meas ag na carachtair go léir ar Mhailí de bharr a post “míchlú” ach is íorónta é gurbh í Mailí an t-aon duine a thaispeáin aon charthanacht do Mháire i rith an dráma.

Cinnte, caitheadh go dona le Máire i rith an dráma ag sochaí fhimíneach a bhí ag maíomh go poiblí gur Críostaithe a bhí inotu ach nár chleacht an Chríostaíocht riamh. Pádraig fealltach nár thaispeáin oiread na fríde den taise don bhean a chuir sé ó chrích, an mháthair a thug droim láimhe di agus na deartháireacha nach thug aon cabhair di. Ba é fimíneacht na ndaoine seo go léir a chuir le fulaingt Mháire agus a thiomáin le Máire chun a hiníon a mharú agus lámh a chur ina bás féin. Léirigh na carachtair sa dráma an dearcadh diúltach, mídhaonna, míchríostaí a bhí i bhfeidhm i saol na hÉireann ag an am, inar fhulaing cailín mar Mháire i tsochaí fhimíneach.
     
 
what is notes.io
 

Notes is a web-based application for online taking notes. You can take your notes and share with others people. If you like taking long notes, notes.io is designed for you. To date, over 8,000,000,000+ notes created and continuing...

With notes.io;

  • * You can take a note from anywhere and any device with internet connection.
  • * You can share the notes in social platforms (YouTube, Facebook, Twitter, instagram etc.).
  • * You can quickly share your contents without website, blog and e-mail.
  • * You don't need to create any Account to share a note. As you wish you can use quick, easy and best shortened notes with sms, websites, e-mail, or messaging services (WhatsApp, iMessage, Telegram, Signal).
  • * Notes.io has fabulous infrastructure design for a short link and allows you to share the note as an easy and understandable link.

Fast: Notes.io is built for speed and performance. You can take a notes quickly and browse your archive.

Easy: Notes.io doesn’t require installation. Just write and share note!

Short: Notes.io’s url just 8 character. You’ll get shorten link of your note when you want to share. (Ex: notes.io/q )

Free: Notes.io works for 14 years and has been free since the day it was started.


You immediately create your first note and start sharing with the ones you wish. If you want to contact us, you can use the following communication channels;


Email: [email protected]

Twitter: http://twitter.com/notesio

Instagram: http://instagram.com/notes.io

Facebook: http://facebook.com/notesio



Regards;
Notes.io Team

     
 
Shortened Note Link
 
 
Looding Image
 
     
 
Long File
 
 

For written notes was greater than 18KB Unable to shorten.

To be smaller than 18KB, please organize your notes, or sign in.